Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 24:5

An Bíobla Naofa 1981

Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé.

Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”

Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.

Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”

“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”

duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú.

Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”

scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

Ach d'éirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád.

ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”

Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.

Ach chun gan an iomad moille a choinneáil ort, impím ort éisteacht linn go ceansa ar feadh tamaillín.

Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú.

Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh.

Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d'eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.”

Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.

Thug siad finnéithe bréige i láthair á rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí.

Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n‑aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh.

nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.

Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí