Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 24:3

An Bíobla Naofa 1981

fáiltímid rompu i gcónaí agus i ngach áit agus táimid thar a bheith buíoch mar gheall orthu.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,

Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.”

“Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix.

Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith.

Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartullas á chiontú mar leanas: “A Fhéilix, ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún,

Ach chun gan an iomad moille a choinneáil ort, impím ort éisteacht linn go ceansa ar feadh tamaillín.

D'fhreagair Pól é: “Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,” ar seisean, “níl sa chaint atá á rá agam ach an fhírinne lom.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí