Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 24:24

An Bíobla Naofa 1981

Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d'éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.

bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.

Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b'é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.

“Creid sa Tiarna Íosa,” ar siadsan, “agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.”

d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.

Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”

Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:

Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.

agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.

Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?

Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.

A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.

Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí