D'ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.
Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.
Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:
Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól.
“Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus d'ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.
San am céanna bhí sé ag súil go dtabharfadh Pól airgead dó. Is chuige sin a chuireadh sé fios go minic air chun bheith ag caint leis.
Ach d'fhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCéasaráia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill.
An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de.
Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád.
Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.