Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.
Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
Mar an tseirbhís naofa seo atá idir lámha againn, ní hé amháin go bhfuil sí ag soláthar riar a gcáis do na naoimh ach tá rabharta buíochais á thuilleamh chomh maith aici do Dhia.