Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 24:12

An Bíobla Naofa 1981

agus ní bhfuair siad mé ag argóint le duine ar bith ná ag corraí an phobail sa Teampall ná sna sionagóga ná ar fud na cathrach.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo.

Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”

Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis m'íonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann.

Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.

Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chéasair.”

Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí