Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 23:7

An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh an méid sin ráite aige nuair a d'éirigh achrann idir na Fairisínigh agus na Sadúcaigh agus bhí an cruinniú scoilte ina dhá chuid,

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana ón stoirm is ón spéirling;

“Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.

Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail.

Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”

mar go ndeir na Sadúcaigh nach bhfuil aiséirí ann ná aingeal ná spiorad agus creideann na Fairisínigh i ngach ceann acu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí