Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 23:5

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b'fhéidir go n‑iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n‑inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.

An mhuintir a bhí ina seasamh ina aice, dúirt siad le Pól: “An ag tabhairt achasáin don ardsagart atá tú?”

Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh.

go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí