Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Lá arna mhárach, d'fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”
Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d'ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.