Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 23:12

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.

chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”

“Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”

Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana -

Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.

11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”

Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!

Aon duine daonna a chuirtear faoi bhang, atá le scrios ó láthair daoine, ní féidir é a fhuascailt, ní foláir é a chur chun báis.

agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.

D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”

Bhí breis agus daichead acu a thug brí na mionn sin le chéile.

Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn.

Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.”

Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d'ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.”

agus d'iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.

I gceann tamaill mhaith chuaigh na Giúdaigh i gcomhairle le chéile chun é a mharú,

ach fuair Sól eolas ar a gcomhcheilg. Bhídís ag faire na ngeataí go géar de lá agus d'oíche chun é a mharú

Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].

Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige.

Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”

mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.

Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad: Go raibh mallacht ar an té a éireoidh agus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís; ar a chéadghin a luífidh a bonn, agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí.

Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.

An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.’ ”

Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí