Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 22:30

An Bíobla Naofa 1981

Lá arna mhárach, d'fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,

Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.

Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”

Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d'ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.

Tá an t‑ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,

Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”

Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.”

“A leithéid seo,” arsa an gasúr, “tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ortsa Pól a chur síos amárach go dtí an tsainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne.

Ansin d'fhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu á chur ina leith, thóg mé chun a sainidríne é.

Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”

“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse - ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”

Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí