Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 22:25

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,

An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta.

Bhí i gCéasaráia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céad ar an gCathlán Iodáileach mar a thugtar air.

Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.”

Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: “Cad a mheasann tú a dhéanamh?” ar seisean leis, “is saoránach Rómhánach é siúd.”

Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.”

Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é.

Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh.

Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.

An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de.

Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D'ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí