Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 22:22

An Bíobla Naofa 1981

D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -

Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”

mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: “Tóg uainn é.”

Ansin labhair Féastas agus dúirt: “A rí Aigripe agus sibhse go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é bheith beo a thuilleadh.

mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí