Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 22:20

An Bíobla Naofa 1981

Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n‑éadaí do lucht a mharaithe.’

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.

Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.

Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch.

thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D'fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.

Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.

Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.

Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.

Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí