Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.
An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.