Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:9

An Bíobla Naofa 1981

Bhí ceathrar iníon aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.

Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.

Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.

“Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.

Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon - Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól.

‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’ arsa an Tiarna, ‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.

Más ea, an fear a chuireann a iníon i gcrích, beidh rud maith déanta aige ach an fear nach ndéanann, beidh rud is fearr fós déanta aige sin.

Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí