Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:37

An Bíobla Naofa 1981

Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dúnfort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” D'fhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat?

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.

Ba mhian le Pól dul isteach chun an tslua ach ní ligfeadh na deisceabail dó é.

Bheannaigh Pól dóibh agus d'aithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail.

Thosaigh daoine sa slua á rá seo agus daoine eile á rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, d'ordaigh sé é a thabhairt isteach sa dúnfort.

D'ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air.

Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d'ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.

Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí