Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:35

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé á iompar ag na saighdiúirí,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana ón stoirm is ón spéirling;

An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta? an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?

(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.

Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’

Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.

ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d'ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí