Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:32

An Bíobla Naofa 1981

Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéad leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal,

Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin.

‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?

Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é.

Bhí sé ag iarraidh an Teampall féin a shárú ach rugamar air. (Bhí sé d'aidhm againn breith a thabhairt air de réir ár ndlí féin,

chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí