Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:24

An Bíobla Naofa 1981

Beir leat iad agus déan tú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.

Níl a leithéid eile ar talamh, Créatúr gan eagla.

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh leat chun an phobail agus coisric iad inniu agus amárach, agus nídís a n‑éadaí,

D'imigh Maois síos ón sliabh chun an phobail dá bhrí sin agus choisric sé an pobal; agus níodar a n‑éadaí.

Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála

Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.

Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.

Má thiteann an t‑anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá.

Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.

D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

D'fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d'fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.

Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.

Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis m'íonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann.

Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach d'fhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí - cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre - d'fhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom.

Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.

mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí