Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d'aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.
Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.