Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 21:15

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis na laethanta sin, d'ullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

agus tháinig i dtír i gCéasaráia. Ansin chuaigh sé suas (go Iarúsailéim) ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch.

Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. “Tar éis dom dul go Iarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”

Nuair a chualamar an chaint sin, d'impíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go Iarúsailéim.

Trí lá tar éis do Fhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chéasaráia go Iarúsailéim.

Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d'ordaigh Pól a thabhairt isteach.

Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí