Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.
Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.
Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.
Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.
Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”
Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t‑arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. D'imigh sé chun siúil ansin.
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.
Bhí ógánach darbh ainm Eutachos ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh.
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.
Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.