Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 20:4

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, d'éirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn d'imigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé.

fuair siad sin eolas air agus theith siad go dtí bailte Lucaóine, go dtí Liostra agus Deirbé agus na críocha máguaird,

Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.

Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.

Thaistil siad Aimfipioil agus Apollóinia agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh.

Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua.

Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.

Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,

Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.

Agus nuair a bhí siad tagtha chuige, labhair seo leo mar a leanas. “Tá a fhios agaibh an chuma inar chaith mé gach nóiméad fad a bhí mé in bhur measc ón gcéad lá a leag mé cos lánuiríseal deorach san Áise,

Is amhlaidh a bhí siad tar éis Troifimeas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.

Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.

Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras.

Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.

Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”

Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.

Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm.

Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.

Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna

Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.

Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.

Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas.

D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.

Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt.

Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí