Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 20:34

An Bíobla Naofa 1981

Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Téimis chun na Iordáine, agus gearradh gach duine againn sail ann agus déanaimis áit chónaithe dúinn féin ann.” D'fhreagair sé: “Téigí!”

agus toisc é bheith ar aon cheard leo - déantóirí bothanna ba ea iad - d'fhan sé leo ag obair ar a cheird.

Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d'fhan sé féin tamall eile san Áise.

Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.

Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”

Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;

Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.

Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí