“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.
agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.
Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.