Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 20:26

An Bíobla Naofa 1981

Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: “Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna.

Anois féin, féach, tá m'fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.

Agus anois d'fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d'aon ní den mhéid a d'ordaigh sé dom a rá libh.

An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.

Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.

Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”

Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.

Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.

Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh.

Thug siad uathu de réir a n‑acmhainne, ní hea, ar m'anam, ach thar a n‑acmhainn; agus dá ndeoin féin

Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh tú féin saor ó locht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí