Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d'éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.
Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,
iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.
Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil san fharraige bás.