Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 2:35

An Bíobla Naofa 1981

go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

Titfidh a naimhde ina láthair; lífidh siad an luaithreach.

Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.

Cúiteoidh sé cách mar is dleacht, fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.

Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.

Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”

Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,

“Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”

Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí