“Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.