Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 2:2

An Bíobla Naofa 1981

Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.

D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.

Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:

Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”

Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;

agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan.

Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.

Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí