Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 2:14

An Bíobla Naofa 1981

Ansin d'éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard: “A fheara Iúdá,” ar seisean, “agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil á rá agamsa:

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

“Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.

Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”

Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt, atá ag iarraidh an Tiarna. Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh, agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.

Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.

Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.

Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón.

Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.

Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí.

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.

D'éirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibhse a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom.

“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.

ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo.

“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran

Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot.

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí