Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 2:12

An Bíobla Naofa 1981

Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;

óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.

Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d'fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun.

Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun.

Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo

Mar is deoranta linn do scéal agus ba mhaith linn a fháil amach cad is brí leis.”

idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí