Ar chloisteáil an méid sin dóibh, baisteadh in ainm an Tiarna Íosa iad
Agus d'ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d'iarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta.
Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná.
mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa.
agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois.