Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 19:29

An Bíobla Naofa 1981

Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ar shroichint Shalamais dóibh, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.

agus as sin go Filipí. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipí agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin.

Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”

Chuir an chaint seo alltacht ar an bpobal agus ar na giúistísí a bhí ag éisteacht.

Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. “Tar éis dom dul go Iarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”

Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d'fhan sé féin tamall eile san Áise.

Bhí duine á scairteadh seo agus duine eile á scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad.

Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.

Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.

Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.

Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol an ceithre mhíle de na meirligh amach san fhásach?”

Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.

Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias.

Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.

Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.

Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.

Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí