Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 19:26

An Bíobla Naofa 1981

Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)

Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.

“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.

“Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine.

Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.

Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe

Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: “A fheara,” ar seisean, “mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath.

Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n‑íol balbh.

Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.

Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.

Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo

Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí