Bhí gabha geal ann darbh ainm Déimitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhailteacha airgid de theampall Airtimis agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe.
Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid á thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta.
Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n‑uachtarán.
Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: “A fheara,” ar seisean, “mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath.
Dá réir sin má tá aon chúis ag Déimitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd.