Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 19:19

An Bíobla Naofa 1981

Cuid mhaith acu siúd a bhíodh ag cleachtadh na draíochta, thug siad leo a gcuid leabhar agus dhóigh iad i bhfianaise chách. Chuir siad a luach le chéile agus fuair siad gurbh fhiú caoga míle píosa airgid iad.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.

Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi

Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.

Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.

Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.

Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.

Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,

Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”

A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

Shiúil siad an t‑oileán ar fad chomh fada le Pafos, áit ar casadh orthu Giúdach darbh ainm Bairéasas, fear a bhí ina dhraoi agus a mhaígh gurbh fháidh é féin.

Ach chuir Eilimeas draoi - is ionann a ainm “Eilimeas” agus draoi - ina gcoinne d'fhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh.

Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu.

Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí