Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 19:17

An Bíobla Naofa 1981

Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?”

A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.

Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.

Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,

Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”

Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.

Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.

ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas

Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe

Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha.

Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu.

Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.

Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.

ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,

Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht.

Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.

Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost.

Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.

Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí