Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 18:7

An Bíobla Naofa 1981

D'fhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm Síomón Iústas, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.

Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.

D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

Ag fágáil dóibh, d'impigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn.

Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.

Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.

Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d'oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól.

Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.

Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí