Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna.
Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.
D'fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d'fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.
Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia,
Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.