Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon - Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól.
Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.
Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d'eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.
Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí.
Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”