Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 18:2

An Bíobla Naofa 1981

Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acula, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordú a bhí curtha amach ag Clauidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'éirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán - rud a tharla in aimsir Chlauidias.

D'fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d'fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.

Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna.

Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,

Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.

Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti.

Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu.

Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas.

Tugaigí mo bheannacht do bhur gceannairí agus do na Críostaithe uile. Cuireann muintir na hIodála a mbeannacht chugaibh.

Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí