Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 18:1

An Bíobla Naofa 1981

D'fhág sé an Aithin ina dhiaidh sin agus d'imigh go Corant.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D'imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir.

Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh.

Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.

Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe

chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:

Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.

Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.

Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh

D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí