Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.
Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?
Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.
Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.
Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair.
Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d'imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach.
Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann.
Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.
ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”