Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”
i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.”
Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: “Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.”
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?
Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.