Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 17:22

An Bíobla Naofa 1981

Sheas Pól i lár an Airiopagas agus labhair mar a leanas: “A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

[Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc. Óir is í tír na n‑íol í; tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol.

An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D'imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir.

Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh.

Rug siad air agus sheol chun an Airiopagas é, á rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat?

Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.

Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh?

Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí