Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 17:2

An Bíobla Naofa 1981

Mar ba ghnách le Pól bhuail sé isteach chucu agus thug trí shabóid as a chéile ag plé leo,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”

Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.

D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.

Lean siadsan orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu.

Ar shroichint Shalamais dóibh, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.

Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.

Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d'imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach.

Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann.

Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.

Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar ríocht Dé.

Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”

Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.

Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr d'fhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa.

Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé.

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;

Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí