Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 17:19

An Bíobla Naofa 1981

Rug siad air agus sheol chun an Airiopagas é, á rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat?

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.

agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.

Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”

Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

Mar is deoranta linn do scéal agus ba mhaith linn a fháil amach cad is brí leis.”

Sheas Pól i lár an Airiopagas agus labhair mar a leanas: “A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta.

Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.

Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus d'fhiafraigh de: “Cén scéal atá agat le hinsint dom?”

Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d'éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost.

Dúirt Aigripe le Féastas: “Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.” “Cloisfidh tú amárach é,” ar seisean.

Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí