Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 17:14

An Bíobla Naofa 1981

Ansin sheol na bráithre Pól chun bealaigh láithreach faoi dhéin na farraige, ach d'fhan Síleas agus Tiomóid ina dhiaidh ann.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:

Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.

Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.

Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d'imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach.

An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D'imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir.

Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.

agus nuair nach bhfuair siad ann iad, rug siad leo Iásón agus cuid de na bráithre chun giúistísí na cathrach agus dúirt leo in ard a ngutha: “Tá an domhan mór suaite ag na daoine úd agus seo anois anseo iad

Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.

Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d'fhan sé féin tamall eile san Áise.

Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSír nuair a rinne na Giúdaigh comhcheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.

ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla.

ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é.

Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,

Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:

Dúirt sí leo: “Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí